You are here: Home > What is Polio? > Mo Scéal Féin

Mo Scéal Féin - Muiris Ó Criostóir

Photo - An tUachtarán ag cur fáilte roimh Chaitríona, a hathair Muiris agus Rónán.Deirtear liom gur in 1949 a fuaireas an galar seo i dtosach, ach ar ndóigh ag aois dhá bhliain ní mórán tuisceana a bhí agam air agus mé chomh hóg.

Dúradh liom go rabhamar mar chlann thíos cois farraige ag an gcois-giota talún ag gobadh amach idir chuan Dhún Gharbháin agus an Rinn- áit álainn snámh cois mara.

Tar éis tinneas cinn millteach a fháilt agus ligeacht choirp iomlán, tugadh go dtí ospidéal Cappagh i mBaile Atha Cliath mé, áit a chaitheas bliain nó mar sin.

Bhí an t-ádh liom ar shlí go raibh mo mháthair cairdiúil le Banaltra ón Rinn a bhí ag obair ann agus a thug aire dom agus a chuir tuairisc abhaile ‘dtí mo mhuintir.

Ní morán teangmhála a bhí agam le mo mhuintir i rith na laethanta sin agus ba mhór an t-eachtra é turas a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath idir bhusanna, traein agus tacsaí chomh fada le Cappagh. Is minic ina dhiaidh sin a thugas turas ar thraein le m’athair chun “splint” nua a fháilt, go mór mhór ar an traein ó Dhún Garbháin go Port Láirge, rud nach bhfuil ann a thuilleadh.

Níor thugas faoi ndeara go raibh aon difríocht mórán idir mé féin agus mo chomhaois le linn m'óige ach amháin sa pheil agus san iomáint, rud a bhraitheas uaim. S’iad na blianta déagóra is deacra do dhaoine gan lúth na gcos acu.

Ba dheacair duit é tú fhéin a chur in iúl do dhaoine eile. Bíonn orainn brath ar ár bpearsantacht fhéin agus ní bhíonn ach cúpla nóiméad againn é sin a léiriú (judging a book by it’s cover). Braithim fhéin gur ábhar í seo gur cheart a thuilleadh taighde a dhéanamh air.

Ar aon chuma, tar éis na scoile chuas mar phrintíseacht le hAiltire i bPort Láírge agus d’fhreastailíos ar an gcoláiste ealaíne ansin.

Ina dhiaidh sin chuas ag obair i mBaile Átha Cliath agus d’fhreastalíos ar Bholton Street  san oíche go dtí gur deineadh ball den Royal Institute of Architects of Ireland mé.

D’oscail mé oifig Ailtireachta i nDún Garbháin i 1981 agus táim ann ó shin i leith.

Idir an dá linn bhuaileas le mo bhean Mairéad Ní Dhrisceoil i gClub an Chonartha ar Shráid Fhearchair agus thángamar thar n-ais chun tigh a thógaint sa Rinn i 1975.

Tá triúr páistí againn Ros, Caitríona agus Siubhan.

Má tá suim ag éinne samplaí de mo chuid oibre a fheiscint ní gá ach féachaint ar: www.architectmoc.com
Muiris Ó Criostóir.

Back to Top